|
|
Bunscoil Eoin Baiste |
|
Lá Fhéile Bríde 2011
|
Bealtaine 2005 Turas Gaeltachta chuig An Spidéal, Co. na Gaillimhe Thug páistí rang 5/6/7 cuairt ar An Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe. Bá é seo an chéad uair a d'fhág siad Cúige Uladh ar thuras Gaeltachta. Stop na páistí le muintir na háite agus an faill acu a gcuid Gaeilge a úsáid i rith an lae ar fad. Is cinnte gur eispéireas dearfach é seo do na páistí ó thaobh na Gaeilge de. Seo cuid de na rudaí a dúirt siad faoin turas. "Bhí an turas go hiontach. Thaitin an linn snámha go mor liom."- Cónán Mac an Bhreithimh "Shíl mé go raibh an turas iontach maith. is maith liom bollaí a imirt."- Deirbhile Nic an Bhreithimh. "Is maith liom An Ghaeltacht. Bhí mo chairde ann an t-am ar fad." - Bríd Nic an Fháilí "Thaitin an turas uilig liom agus bhí muid ábalta Gaeilge a labhairt le daoine eile. Níl mé ábalta fanacht le dul ar ais."- Padraig Ó Laibheartaigh. |
Cliceáil ar phictiúr ar bith thuas chun é a mhéadú.