Access Keys:

 
 
St John The Baptist Primary School, Portadown
School Closed: Easter Holidays [29th March 2024] | School Closed: Easter Holidays [1st April 2024] | School Closed: Easter Holidays [2nd April 2024] | School Closed: Easter Holidays [3rd April 2024] | School Closed: Easter Holidays [4th April 2024] | School Closed: Easter Holidays [5th April 2024]
open new window
pause
play

Cúla4 ar Scoil

21st Apr 2020

Craolfar clár nua teilifíse, Cúla4 Ar Scoil, ar TG4 gach maidin ag a 10 a.m. Beidh an clár seo dírithe ar dhaltaí bunscoile Gaeltachta agus Gaelscoile sa chás go gcuirtear síneadh le bearta sláinte an phobail agus go mbeidh na scoileanna dúnta ar feadh tréimhse bhreise.

Is clár leathuaire é seo a bheidh á chraoladh ó 10.00 a.m. go 10.30 a.m ó Scoil na bhForbacha i nGaeltacht Chonamara. Is iad Caitríona Ní Chualáin agus Fiachra Ó Dubhghaill na múinteoirí a bheidh i mbun na ranganna, agus beidh ceachtanna breise ó mhúinteoirí agus áisitheoirí eile ar fud na tíre, le réimse canúintí.

Clúdófar croí-ábhair an churaclaim ar nós: Gaeilge, Matamatic, Stair agus Tíreolaíocht, ach cuirfear béim freisin ar an chruthaitheacht, na healaíona béil agus ar chúrsaí sláinte agus folláine.

Cuirfear fáilte roimh rannpháirtíocht na bpáistí sa bhaile le linn an chláir Cúla4 ar Scoil; agus is féidir pictiúir nó físeáin a sheoladh isteach chuig an gclár. Beidh an t-ábhar ar fáil freisin ar líne ar cula4.com agus ar YouTube Cúla4.

 

A new television programme, Cúla4 Ar Scoil, will be broadcast on TG4 every weekday morning at 10 a.m. This programme will cater for primary school children who attend Gaelscoileanna and Gaeltacht schools, in the event of an extension to public health measures which may mean that schools remain closed for a further period.

The half-hour programme will be broadcast from Scoil na bhForbacha in the Connemara Gaeltacht and will be presented from 10.00 a.m. to 10.30 a.m. by primary school teachers, Caitríona Ní Chualáin and Fiachra Ó Dubhghaill, with contributions from teachers and facilitators from other communities and Gaeltacht regions, incorporating a range of dialects.

Core curriculum subjects will be included such as Irish, Mathematics, History and Geography, and there will also be an emphasis on creativity, the arts, oral traditions, health and wellbeing.

During the programme Cúla4 ar Scoil, children will be invited to participate at home and will be asked to send in pictures or videos of their work to the programme. The content will also be available online on Cula4.com and on Cúla4 YouTube.