St John The Baptist Primary School, Portadown

An Fhéile Scoildrámaíochta

3rd Mar 2026

Bhí lá den scoth ag páistí na Bunscoile ag an Fhéile Scoildrámaíochta in Amharclann Phlás an Mhargaidh in Ard Mhacha. Léirigh daltaí EC2 an dráma iontach “Éalú na gCearc” a scríobh an tUasal Mac Eoin. Bhí gach duine ar dóigh! Bhain muid duais an mholtóra dár gcuid cultacha agus don fhearas stáitse agus bhain cailín Rang 6 duais don aisteoir baineann is fearr sa chomórtas.

Gabhaimid buíochas mór leis an Uasal Mac Eoin agus le hIníon Mhic Eoin as an obair iontach a rinne siad leis an haisteoirí agus as an am a chaith siad ag ullmhú don léiriúchán le cúpla mí anuas.  Míle buíochas fosta dár gcúntoirí ranga a chruthaigh an fearas stáitse a bhí ar dóigh. Tugaimid buíochas mór chomh maith do gach duine, ár dtuismitheoirí san áireamh, a chuir na cultacha iontacha ar fáil. Míle buíochas!

Comhghairdeas libh go léir!!

Our Bunscoil pupils had a fantastic day at the Irish language drama festival at The Market Place in Armagh. KS2 pupils staged the brilliant play “Éalú na gCearc” that was written by An tUasal Mac Eoin. Everyone played their part outstandingly! We were awarded the adjudicator’s prize for best costumes and props and one of our Rang 6 pupils won the prize for best female actor in the competition.

We are extremely grateful to An tUasal Mac Eoin and Iníon Mhic Eoin for the marvellous work they did with our actors and for the time they spent in preparation for our production over the past few months. Many thanks to our classroom assistants who generously spent numerous hours creating the amazing props. We are also incredibly grateful to everyone, including our parents, who sourced and provided the fantastic costumes. Many thanks!

Congratulations everyone!!