Access Keys:

 
 
St John The Baptist Primary School, Portadown
First Communion [11th May 2024] | First Communion [11th May 2024] | School Closed [6th May 2024]
open new window
pause
play

Ócáid Cheiliúrtha - '25 Bliain ag Fás'

25th Mar 2024

Bhí ócáid mhór cheiliúrtha ag Bunscoil Eoin Baiste Dé hAoine 22 Márta. Tháinig daltaí, foireann na scoile agus baill teaghlaigh le chéile in éineacht le cuairteoirí ar leith le 25 bliain den Ghaeloideachas (bunscolaíocht) i bPort an Dúnáin a cheiliúradh.

Go luath ar maidin, bheannaigh an tAthair Frainc dhá sheomra ranga nua sa Bhunscoil. Chuir muid fáilte roimh bheirt iarphríomhoidí, Iníon Mhic Aodha agus An tUasal Ó Gribín, chuig an bheannú.

I ndiaidh an bheannaithe, léigh an tAthair Frainc Aifreann i nGaeilge i dTeach Pobail Eoin Baiste agus bhí daltaí na bunscoile páirteach ann. Bhí cuid mhór ceoltóirí iontacha le réimse mór uirlisí i láthair agus bhí ceol binn álainn le cluinstin ar fud an tséipéil. Chuir an tUasal Mac Thom fáilte mhór roimh chách agus ghabh sé buíochas le gach duine a bhí páirteach san Aifreann agus le gach duine a chuidigh leis na hullmhucháin don ócáid speisialta.

Nuair a bhí an tAifreann thart shiúil na daoine a bhí i láthair chuig an Ionad Tréadaí taobh leis an séipéal áit ar bhain siad sult as an tsiamsaíocht a chuir daltaí na bunscoile ar fáil. Cuireadh deireadh leis an cheiliúradh le greim bia blasta agus comhrá deas idir chairde.

Bhain gach duine an-sult go deo as an cheiliúradh speisialta seo!

Bunscoil Eoin Baiste enjoyed a great celebratory event on Friday 22 March. Pupils, parents, staff and family members gathered with special guests to celebrate 25 years of Irish medium primary education in Portadown.

Early that morning, Fr Frainc blessed two new classrooms in the Bunscoil. We welcomed our two past principals, Mr Gribbon and Miss McCooe, to the blessing.

After the blessing, Fr Frainc celebrated Mass in Irish in St John the Baptist Church. Bunscoil pupils participated in the Mass and a large group of very talented traditional musicians provided us with beautiful music which added a unique and memorable dimension to the occasion.  Mr McComb welcomed everyone and thanked all those who were involved in the Mass and those who helped with the preparations for the special celebration.

When the Mass was over the congregation gathered in the Pastoral Centre next to the church where they enjoyed entertainment provided by Bunscoil children. The celebration concluded with refreshments and conversation between friends.

Everyone enjoyed the occasion immensely!